Pobal

Tá Páirc Mhic Asmaint ag croí an phobail in iarthar Bhéal Feirste ó osclaíodh an áit in 1953. Is é seo baile Ghaeil Aontroma.

Tá an CLG daingnithe i bpobail fud fad na hÉireann agus na cruinne. Cuireann an cumann na cluichí Gaelacha, an cultúr agus rannpháirtíocht sa spórt feadh an tsaoil chun cinn tríd na hoibrithe deonacha agus na clubanna atá aige.

Tá baile Aontroma, agus staid nua Chúige Uladh dírithe ar fhiúntas na sochaí a chinntiú don phobal, mar a chuireann an CLG leis an tsochaí féin.

Beidh an ais seo ar oscailt seacht lá na seachtaine, agus staid ionchuimsitheach a bheas inti nó beidh an pobal ag a croílár, le buntaistí seasmhacha le mothú: ar bhonn sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch.

Beidh an dea-thionchar seo le mothú taobh amuigh de thógáil na staide féin, le fostaíocht fhadtéarmach agus Páirc Mhic Asmaint ag cur le forbairt maoine pobail i mBéal Feirste agus níos faide amach sna blianta atá amach romhainn.

Chuir CLG Uladh Fóram um Rannpháirtíocht sa Phobal agus Tairbhí ar bun ar mhaithe le leas an phobal. Is baill den ghrúpa seo iad conaitheoirí agus ceannairí ó earnáil an ghnó, an chultúir agus an oideachais in iarthar Bhéal Feirste agus níos faide amach. Tá sé mar aidhm ag an fhóram deiseanna iontacha Pháirc Mhic Asmaint a chothú agus a fhorbairt tríd an obair a dhéanfar le heagraíochtaí áitiúla agus leis an tsochaí acmhainneacht na staide a chur ar ár súile dúinn.